Créad a dhéanfaimid feasta gan adhmad, tá deireadh na gcoillte ar lár; níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach, is ní bainfear a cling go bráth; an áit úd ina gcónaíodh an deighbhean a fuair gradam is meidhir tar mhná, bhíodh iarlaí ag tarraing tar toinn ann, is an tAifreann binn á rá.
Is é mo chreach fhada is mo léan goirt do gheataí breá néata ar lár, an avenue ghreanta faoi shaothar is gan foscadh ar aon taobh den walk, an chúirt bhreá a